Explore the timeless works of Irish literature that have captivated readers for generations. Each book tells a story of Ireland's soul, from its emerald landscapes to its vibrant cities.
Bríd was in Boston at the time and she never returned to her native soil. However, her home, An Trá Bháin, was never far from her thoughts and she often spoke about how life might have been had she not emigrated.
Is beag amhrán is mó a luaitear le Ceantar na nOileán ná an t-amhrán a bhfuil aithne air inniu mar Amhrán na Trá Báine nó, uaireanta, Curachaí na Trá Báine, caoineadh deirfíre do thriúr dearthár léi a báthadh nuair a chuaigh a gcurach go tóin poill, go fealltach deirtear, am éigin sna 1870idí. Ach chuile sheans gur Amhrán an Bháthadh a thug Bríd Ní Mháille í féin air agus í á chumadh agus á ghabháil ina dhiaidh sin agus í ar imirce i mBoston Mheiriceá. Athchruthú samhlaíoch atá san úrscéal seo ina dtugtar an léitheoir ar aistear thrí aigne Bhríd agus a hintinn ag gluaiseacht anonn agus anall sna blianta, tamallallachaí thiar sa mbaile ar an Trá Bháin, tamallachaí eile thall i mBoston, ach í ag filleadh arís agus arís eile ar an tragóid a mhúnlaigh a saol ina dhiaidh sin agus a bhfuil sé ag cinnt uirthi éalú uaidh.